úir 74
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(74) Ba cheart freagracht agus dliteanas an rialaitheora a shuíomh maidir le haon phróiseáil a dhéanann an rialaitheoir ar shonraí pearsanta nó a dhéantar thar ceann an rialaitheora. Go háirithe, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir bearta iomchuí éifeachtacha a chur chun feidhme agus a bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíontar an Rialachán seo leis na gníomhaíochtaí próiseála, agus éifeachtacht na mbeart a léiriú freisin. Leis na bearta sin, ba cheart cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála a chur san áireamh agus an riosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha a chur san áireamh freisin.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!