úir 73
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(73) Maidir le srianta a bhaineann le prionsabail shonracha agus leis na cearta chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus chun go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh. leis an gceart chun iniomparthacht sonraí, leis an gceart agóid a dhéanamh, le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, chomh maith le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí agus le roinnt oibleagáidí gaolmhara atá ar na rialaitheoirí, féadfar iad a fhorchur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a mhéid is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach chun an tslándáil phoiblí a choimirciú, lena n-áirítear chun beatha an duine a chosaint go háirithe mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéanamh an duine, chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, nó coimirciú a dhéanamh i gcoinne sáruithe eitice i gcás gairmeacha rialáilte, cuspóirí tábhachtacha eile de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit a bhaineann le leas ginearálta an phobail, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, clárlanna poiblí a choinneáil, ar clárlanna iad a choinnítear ar chúiseanna a bhaineann le cuspóirí tábhachtacha eile leas ginearálta an phobail, tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta a cartlannaíodh chun faisnéis shonrach a chur ar fáil a bhaineann le hiompar polaitiúil faoi iar-réimis ollsmachtacha stáit nó chun an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, lena n-áirítear cosaint shóisialta, sláinte phoiblí agus críocha daonnúla. Ba cheart na srianta sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Chairt agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!