úir 71
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(71) Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith mar chuid de, lena meastar gnéithe pearsanta a bhaineann leis nó léi agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis nó léi nó a mbíonn éifeacht chomhchosúil shuntasach aige air nó uirthi, amhail diúltú uathoibríoch d'iarratas ar líne i leith creidmheas a fháil nó cleachtais earcaíocht ar líne nach mbaineann aon idirghabháil le duine leo. Áirítear ar phróiseáil den sórt sin "próifíliú", arb é atá i gceist leis foirm ar bith de phróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta lena meastar na gnéithe pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís nó tuar a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an ábhair sonraí ag an obair, le staid eacnamaíochta, le sláinte, le roghanna pearsanta nó le díol spéise, le hiontaofacht nó iompar an duine sin, leis an áit ina bhfuil an duine sin nó le gluaiseachtaí an duine sin, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin a bhaineann leis nó léi nó a mbíonn éifeachtaí comhchosúla suntasacha aici air nó uirthi. Ba cheart, áfach, cinnteoireacht a cheadú atá bunaithe ar phróiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú, nuair atá sin údaraithe go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar chalaois agus ar imghabháil cánach agus chun críocha iad a chosc, ar faireachán é a dhéantar i gcomhréir le rialacháin, caighdeáin agus moltaí institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, agus chun go n-áirithítear sláine agus iontaofacht seirbhíse a sholáthraíonn an rialaitheoir, nó atá riachtanach maidir le conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir, nó sa chás gur thug an t-ábhar sonraí a chead sainráite nó a cead sainráite. In aon chás, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin faisnéis shonrach don ábhar sonraí agus an ceart idirghabháil ó dhuine a fháil, an ceart a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl, an ceart míniú a fháil ar an gcinneadh a rinneadh i ndiaidh measúnú den sórt sin agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Níor cheart baint a bheith ag beart den sórt sin le leanbh. Chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis an ábhar sonraí, agus na himthosca sonracha agus an comhthéacs sonrach a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta á gcur san áireamh, ba cheart don rialaitheoir nósanna imeachta iomchuí matamaiticiúla nó staidrimh a úsáid don phróifíliú, bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, arb iomchuí iad chun a áirithiú, go háirithe, go ndéantar tosca, a mbíonn míchruinnis sna sonraí pearsanta mar thoradh orthu, a cheartú, agus a áirithiú go ndéantar an riosca maidir le hearráidí a íoslaghdú, chun sonraí pearsanta a shlánú ar bhealach lena gcuirtear san áireamh na bagairtí a d'fhéadfadh a bheith i gceist maidir le leasanna agus cearta an ábhair sonraí agus lena gcuirtear cosc, inter alia, ar éifeachtaí idirdhealaithe atá ar dhaoine nádúrtha ar bhonn tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, reiligiúin nó creidimh, duine a bheith mar chomhalta de cheardchumann, stádas géiniteach nó sláinte, gnéaschlaonta, nó a bhfuil bearta lena ngabhfadh éifeacht den sórt sin mar thoradh orthu. Níor cheart cinnteoireacht ná próifíliú uathoibrithe bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a cheadú ach amháin faoi choinníollacha sonracha.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!