úir 69
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(69) I gcás inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach siocair gur gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir nó ar mhaithe le leasanna dlisteanacha rialaitheora nó tríú páirtí, ba cheart d'ábhar sonraí a bheith i dteideal, mar sin féin, agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil aon sonraí pearsanta a bhaineann lena chás nó lena chás sonrach féin. Ba cheart gur faoin rialaitheoir a bheadh sé a thaispeáint go sáraíonn a leas tathantach dlisteanach leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!