úir 63
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(63) Ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú go héasca agus ag eatraimh réasúnta, d'fhonn a bheith ar an eolas faoi dhlíthiúlacht na próiseála agus d'fhonn dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú. Áirítear leis sin an ceart atá ag ábhair sonraí rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann lena sláinte, amhail na sonraí ina dtaifid leighis ina bhfuil faisnéis amhail diagnóis, torthaí scrúduithe, measúnuithe a rinne lianna cóireála agus faisnéis faoi aon chóireáil nó idirghabháil a rinneadh. Ba cheart é a bheith de cheart ag gach ábhar sonraí, dá bhrí sin, a bheith ar an eolas agus teachtaireacht a fháil go háirithe maidir leis na críocha ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, agus leis an tréimhse ar lena linn a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, nuair is féidir é, le faighteoirí na sonraí pearsanta, leis an loighic a bhaineann le haon uathphróiseáil sonraí pearsanta agus leis na hiarmhairtí a bhaineann le próiseáil den sórt sin, ar a laghad nuair atá an phróiseáil sin bunaithe ar phróifíliú. I gcás inar féidir é, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann cianrochtain ar chóras slán a thabhairt lena dtabharfaí rochtain dhíreach don ábhar sonraí ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta. Níor cheart don cheart sin dochar a dhéanamh do chearta ná saoirsí daoine eile, lena n-áirítear cearta agus saoirsí maidir le rúin trádála nó maoin intleachtúil agus go háirithe níor cheart dó dochar a dhéanamh don chóipcheart lena gcosnaítear bogearraí. Níor cheart, áfach, é a bheith mar thoradh ar na cúinsí sin go ndiúltófaí don fhaisnéis uile a thabhairt don ábhar sonraí. Má dhéanann an rialaitheoir próiseáil ar chainníocht mhór faisnéise a bhaineann leis an ábhar sonraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a iarraidh go sonróidh an t-ábhar sonraí, sula seachadfar an fhaisnéis, an fhaisnéis nó na gníomhaíochtaí próiseála a mbaineann an iarraidh léi nó leo.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!