úir 61
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(61) Ba cheart an fhaisnéis i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a thabhairt dó nó di tráth bhailiú na sonraí ón ábhar sonraí, nó, i gcás nach bhfaightear na sonraí pearsanta ach ó fhoinse eile, laistigh de thréimhse réasúnta, ag brath ar imthosca an cháis. I gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh d'fhaighteoir eile go dlisteanach, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta an chéad uair don fhaighteoir. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an chríoch ar chuici a bailíodh iad, ba cheart don rialaitheoir, sula ndéanfaí an tuilleadh próiseála sin, faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin, agus aon fhaisnéis eile a mbeadh gá léi. Más rud é nach féidir tionscnamh na sonraí pearsanta a chur ar fáil don ábhar sonraí toisc gur úsáideadh foinsí éagsúla, ba cheart faisnéis ghinearálta a chur ar fáil.


back  next
BG - CS - DA - DE - EL - EN - ES - ET - FI - FR - GA - HR - HU - IT - LT - LV - MT - NL - PL - PT - RO - SK - SL - SV

Would you like to implement the EU General Data Protection Regulation step-by-step? Do you want clear explanations of specific issues and well-thought-out checklists? Do you want to ensure you are data-protection-compliant? If so the PrivazyPlan® is just what you are looking for.

© SecureDataService, Nicholas Vollmer, Priorstr. 63, D-41189 Mönchengladbach, Germany, +49 2166 96523-38, info@privazyplan.eu (siehe Impressum / Datenschutz) (05.09.2018)