úir 53
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(53) Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhfuil cosaint níos airde dlite dóibh, ní fhéadfar iad a phróiseáil ach amháin chun críocha a bhaineann leis an tsláinte i gcás inar gá chun na críocha sin a bhaint amach chun tairbhe daoine nádúrtha agus na sochaí ina hiomláine, go háirithe i gcomhthéacs na seirbhísí agus na córais cúraim sláinte nó sóisialta a bhainistiú, lena n-áirítear na sonraí sin a bheith á bpróiseáil ag an mbainistíocht agus ag na húdaráis náisiúnta lárnacha chun críocha an rialaithe cáilíochta, an bhainistithe faisnéise agus na maoirseachta áitiúla agus náisiúnta ginearálta ar an gcóras cúraim sláinte nó sóisialta, agus chun leanúnachas a áirithiú maidir le cúram sláinte nó sóisialta agus maidir le cúram sláinte trasteorann nó an tslándáil sláinte thrasteorann nó chun críocha faireacháin agus foláirimh, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, a bhfuil sé riachtanach cuspóir a bhaineann le leas an phobail a chomhlíonadh ina leith, agus le haghaidh staidéir a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do choinníollacha comhchuibhithe chun próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte, i ndáil le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann daoine atá faoi réir oibleagáid dhlíthiúil maidir le rúndacht ghairmiúil sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críocha áirithe a bhaineann leis an tsláinte. Ba cheart foráil a dhéanamh, i ndlí an Aontais nó i ndlíBallstáit, do bhearta sonracha oiriúnacha sa chaoi go gcosnófar cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit coinníollacha breise, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseail. Mar sin féin, níor cheart dó sin bac a chur ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas nuair a bhíonn feidhm ag na coinníollacha sin maidir le próiseáil thrasteorann sonraí den sórt sin.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!