úir 52
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(52) Ba cheart maolú a cheadú ón toirmeasc ar phróiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta freisin i gcás ina bhforáiltear dó sin i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit agus faoi réir coimircí oiriúnacha, d'fhonn sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chosaint, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i réimse dhlí na fostaíochta, dhlí na coimirce sóisialta lena n-áirítear pinsin agus ar mhaithe le críocha shlándáil na sláinte, críocha faireacháin agus foláirimh, ar mhaithe le galair theagmhálacha agus bagairtí tromchúiseacha eile ar an tsláinte a chosc nó a rialú. Féadfar maolú den sórt sin a dhéanamh chun críocha na sláinte, lena n-áirítear an tsláinte phoiblí agus chun críocha bhainistiú na seirbhísí cúraim sláinte, go háirithe chun cáilíocht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis na nósanna imeachta a úsáidtear chun éilimh ar shochair agus ar sheirbhísí sa chóras árachais sláinte a réiteach, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh. Ba cheart a cheadú le maolú freisin go ndéanfaí sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil i gcás inarb iomchuí maidir le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, cibé acu in imeachtaí breithiúnacha nó i nósanna imeachta riaracháin nó nósanna imeachta lasmuigh den chúirt.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!