úir 50
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(50) Níor cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha seachas na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil an phróiseáil ag luí leis na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu ar an gcéad dul síos. I gcás den sórt sin, níl gá le bunús dlí ar leith ón mbunús dlí lenar ceadaíodh bailiú na sonraí pearsanta. Más gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na cúraimí agus na críocha a chinneadh agus a shonrú ar cheart an tuilleadh próiseála a mheas mar bheith comhoiriúnach agus dleathach ina leith. Ba cheart a mheas gur oibríochtaí próiseála comhoiriúnacha dleathacha é tuilleadh próiseála a dhéanfaí chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. An bunús dlí a fhoráiltear le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit chun sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh sé bunús dlí a thabhairt chun tuilleadh próiseála a dhéanamh freisin. Chun fáil amach an bhfuil críoch an tuillidh próiseála ag luí leis an gcríoch ar chuige a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, ba cheart don rialaitheoir, tar éis dó nó di na ceanglais uile a chomhlíonadh maidir le dlíthiúlacht na próiseála bunaidh, an méid seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh: aon nasc idir na críocha sin agus críocha an tuillidh próiseála a bheartaítear;an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, go háirithe ionchais réasúnta na n-ábhar sonraí bunaithe ar an gcaidreamh atá acu leis an rialaitheoir maidir le tuilleadh úsáide a bhaint astu; cineál na sonraí pearsanta; na hiarmhairtí ar na hábhair sonraí a bheadh ag an tuilleadh próiseála a bheartaítear a dhéanamh; agus coimircí iomchuí a bheith ann sna hoibríochtaí próiseála bunaidh agus sna hoibríochtaí tuillidh próiseála a bheartaítear araon. I gcás inar thug an t-ábhar sonraí toiliú nó ina mbeadh an phróiseáil bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit, ar beart riachtanach comhréireach é i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí tábhachtacha a bhaineann le leas ginearálta an phobail a choimirciú go háirithe, ba cheart cead a bheith ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh beag beann ar chomhoiriúnacht na gcríoch. Ar aon chaoi, ba cheart cur i bhfeidhm na bprionsabal a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, agus ba cheart a áirithiú go háirithe go gcuirtear an ábhar sonraí ar an eolas faoi na críocha eile sin agus faoi na cearta atá aige nó aici, lena n-áirítear an ceart chun agóid a dhéanamh. Gníomhartha ionchasacha coiriúla nó bagairtí ionchasacha ar an tslándáil phoiblí a bheith á gcur in iúl ag an rialaitheoir agus na sonraí pearsanta ábhartha i gcásanna aonair nó i gcásanna éagsúla a bhaineann leis an ngníomh céanna coiriúla nó leis na bagairtí céanna ar an tslándáil phoiblí a bheith á dtarchur aige nó aici chuig údarás inniúil, ba cheart a mheas gur chun leas dlisteanach an rialaitheora é an cur in iúl agus an tarchur sin. Mar sin féin, ba cheart cosc a chur ar tharchur den sórt sin ar mhaithe le leas dlisteanach an rialaitheora nó ar thuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta mura bhfuil an phróiseáil ag luí le hoibleagáid dhlíthiúil nó ghairmiúil rúndachta nó le hoibleagáid eile cheangailteach rúndachta.
=> Airteagal: 6

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!