úir 49
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(49) An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a mhéid atá sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun slándáil líonra agus faisnéise a áirithiú, i.e. an cumas atá i líonra nó i gcóras faisnéise, ar leibhéal áirithe muiníne, seasamh i gcoinne eachtraí a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar infhaighteacht, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha, agus ar shlándáil na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint ag na líonraí agus na córais sin, ag údaráis phoiblí, ag foirne práinnfhreagartha ríomhaireachta (CERTanna), ag foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhaireachta (CSIRTanna), ag soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus ag soláthraithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí slándála, nó slándáil na seirbhísí gaolmhara atá inrochtana tríothu sin, is é atá i gceist leis an bpróiseáil sin leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann. D'fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, rochtain neamhúdaraithe ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus dáileadh mailíseach cód a chosc agus stop a chur le hionsaithe "diúltaithe seirbhíse" agus le damáiste do ríomhchórais agus do chórais chumarsáide leictreonaí.


back  next
BG - CS - DA - DE - EL - EN - ES - ET - FI - FR - GA - HR - HU - IT - LT - LV - MT - NL - PL - PT - RO - SK - SL - SV

Would you like to implement the EU General Data Protection Regulation step-by-step? Do you want clear explanations of specific issues and well-thought-out checklists? Do you want to ensure you are data-protection-compliant? If so the PrivazyPlan® is just what you are looking for.

© SecureDataService, Nicholas Vollmer, Priorstr. 63, D-41189 Mönchengladbach, Germany, +49 2166 96523-38, info@privazyplan.eu (siehe Impressum / Datenschutz) (05.09.2018)