úir 26
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(26) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta. Sonraí pearsanta ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu agus a d'fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis bhreise a úsáid, ba cheart a mheas gur faisnéis faoi dhuine nádúrtha in-sainaitheanta na sonraí sin. Chun a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha in-sainaitheanta nó nach bhfuil, ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir, amhail díriú ar leith, is dócha, le réasún, a úsáidfidh an rialaitheoir nó duine eile chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach. Lena fháil amach an bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbainfear úsáid as bealaí chun an duine nádúrtha a shainaithint, ba cheart aird a thabhairt ar fhachtóirí oibiachtúla uile, amhail na costais a ghearrfar agus an t-achar ama is gá le haghaidh sainaitheanta, agus an teicneolaíocht a bheidh ar fáil tráth na próiseála agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le faisnéis anaithnid, eadhon faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó le sonraí persanta atá anaithnid ar bhealach agus nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil an duine sin in-sainaitheanta a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an Rialachán seo leis an bpróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis anaithnid den sórt sin, lena n-áirítear chun críoch staidrimh agus taighde.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!