úir 24
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(24) An phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas, ba cheart í a bheith faoi réir an Rialacháin seo freisin i gcás ina mbaineann sí le faireachán a dhéantar ar iompar ábhar sonraí den sórt sin a mhéid a tharlaíonn a n-iompar laistigh den Aontas. Chun a chinneadh an féidir a mheas an ndéanann gníomhaíocht próiseála faireachán ar iompar na n-ábhar sonraí do na sonraí, ba cheart a fháil amach an bhfuil daoine nádúrtha á rianú ar an idirlíon lena n-áirítear úsáid a d'fhéadfaí á baint ina dhiaidh sin as teicníochtaí próiseála sonraí pearsanta, ar teicníochtaí iad lena ndéantar duine nádúrtha a phróifíliú, go háirithe chun cinntí a dhéanamh maidir leis an duine sin nó chun anailís nó tuar a dhéanamh ar shainroghanna, iompar agus dearcadh an duine sin.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!