úir 23
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(23) Chun a áirithiú nach ndéantar an chosaint atá daoine nádúrtha i dteideal a fháil faoin Rialachán seo a bhaint díobh, ba cheart an phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas a bheith faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint d'ábhair sonraí den sórt sin beag beann ar cé acu an bhfuil an tairiscint bainteach le híocaíocht nó nach bhfuil. Chun a chinneadh an bhfuil earraí nó seirbhísí á dtairiscint ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí sin d'ábhair sonraí, ar daoine iad atá san Aontas, ba cheart a fháil amach an bhfuil sé soiléir go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí seirbhísí a thairiscint d'ábhair sonraí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá san Aontas. De bhrí nach leor inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin an rialaitheora, an phróisealaí ná idirghabhálaí san Aontas, ar sheoladh ríomhphoist nó ar shonraí teagmhála eile nó ar theanga a mbaintear úsáid aisti i gcoitinne i dtríú tír ina bhfuil an rialaitheoir bunaithe, chun a fháil amach an bhfuil rún den sórt sin ag an rialaitheoir, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí le fios, le fachtóirí amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne i mBallstát amháin nó níos mó a bhfuil an deis ann nó iontu earraí agus seirbhísí a ordú sa teanga eile sin, nó le fachtóir amhail custaiméirí nó úsáideoirí atá san Aontas a bheith á lua, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir earraí nó seirbhísí a thairiscint san Aontas d'ábhair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!