úir 20
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(20) Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d'fhéadfaí, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile. Níor cheart, le hinniúlacht na n-údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d'fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n-áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a chur de chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit, córas lenar cheart, go háirithe, comhlíonadh rialacha an Rialacháin seo a áirithiú, feasacht chomhaltaí na mbreithiúnachta maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a fheabhsú agus gearáin maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a láimhseáil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!