úir 171
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(171) Ba cheart Treoir 95/46/CE a aisghairm leis an Rialachán seo. Ba cheart aon phróiseáil atá á déanamh cheana féin ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán seo laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun Threoir 95/46/CE, ní gá don ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt an athuair i gcás ina bhfuil an bealach inar tugadh an toiliú i gcomhréir le coinníollacha an Rialacháin seo, sa chaoi go bhféadfaidh an rialaitheoir leanúint den phróiseáil sin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le cinntí ón gCoimisiún a glacadh cheana agus le húdaruithe ó údaráis mhaoirseachta atá bunaithe ar Threoir 95/46/CE, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu go dtí go ndéanfar iad a leasú nó a aisghairm nó go dtí go gcuirfear gníomh nua ina n-ionad.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!