úir 158
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(158) I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin freisin, ag cur san áireamh nár cheart go mbeadh feidhme ag an Rialachán seo maidir le daoine éagtha. Údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha a bhfuil taifid atá chun leas an phobail ina seilbh acu, ba cheart iad a bheith ina seirbhísí a bhfuil sé d'oibleagáid dhlíthiúil orthu, de bhun dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, taifid a fháil, a chaomhnú, a eagrú, a chur in iúl, a chur chun cinn, a scaipeadh, cur síos a dhéanamh, breithmheas a thabhairt orthu agus rochtain orthu a chur ar fáil, ar taifid iad a bhfuil luach marthanach ar baint leo chun leas ginearálta an phobail. Ba cheart freisin údarás a thabhairt do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha cartlannú a dhéanamh, mar shampla d'fhonn faisnéis shonrach a chur ar fáil a bhaineann le hiompar polaitiúil faoi iar-réimis ollsmachtacha stáit, le cinedhíothú, le coireanna in aghaidh an chine dhaonna, go háirithe an tUileloscadh, nó le coireanna cogaidh.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!