úir 156
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(156) Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart an phróiseáil sin a bheith faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí de bhun an Rialacháin seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go bhfuil bearta teicniúla agus bearta eagraíochtúla i bhfeidhm chun, go háirithe, prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a áirithiú. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh tráth a mbeidh measúnú déanta ag an rialaitheoir an féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta nach féidir na hábhair sonraí a aithint leo nó nach féidir na hábhair sonraí a aithint leo a thuilleadh, ar an gcoinníoll gurb ann do choimircí iomchuí (amhail, mar shampla, ainm bréige a chur i bhfeidhm ar na sonraí). Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do choimircí iomchuí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. Ba cheart údarás a thabhairt do na Ballstáit sonraíochtaí agus maoluithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha sonracha agus faoi réir coimircí iomchuí do na hábhair sonraí, maidir leis na ceanglais faisnéise agus cearta a chur ar fáil go ndéanfaí ceartú, léirscriosadh, ligean i ndearmad, srianadh ar phróiseáil, agus chun iniomparthacht sonraí, agus chun agóid a dhéanamh agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh. Leis na coinníollacha agus leis na coimircí atá i gceist, d'fhéadfaí go mbeadh nósanna imeachta sonracha ann do na hábhair sonraí chun na cearta sin a fheidhmiú más iomchuí amhlaidh i bhfianaise na gcríoch a lorgaítear tríd an bpróiseáil shonrach in éineacht le bearta teicniúla agus eagraíochtúla lena ndírítear ar phróiseáil sonraí pearsanta a laghdú agus prionsabail na comhréireachta agus an riachtanais á saothrú. An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha eolaíochta, ba cheart reachtaíocht ábhartha eile, amhail reachtaíocht maidir le trialacha cliniciúla, a chomhlíonadh léi freisin.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!