úir 154
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(154) Leis an Rialachán seo is féidir prionsabal na rochtana poiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur san áireamh agus an Rialachán á chur i bhfeidhm. Féadfar rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla a mheas mar bheith chun leas an phobail. Ba cheart d'údarás poiblí nó do chomhlacht poiblí bheith in ann na sonraí pearsanta atá i ndoiciméid atá i seilbh an údaráis sin nó an chomhlachta sin a nochtadh go poiblí má fhoráiltear don nochtadh sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí faoina réir. Le dlíthe den sórt sin, ba cheart an rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla agus athúsáid fhaisnéis na hearnála poiblí a thabhairt chun réitigh leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, féadfar foráil a dhéanamh leo don tabhairt chun réitigh is gá leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na húdaráis uile agus na comhlachtaí eile a chumhdaítear le dlí Ballstáit maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid a áireamh sa tagairt d'údaráis phoiblí agus do chomhlachtaí poiblí. Maidir le Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), fágtar ina iomláine leibhéal na cosanta do dhaoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi fhorálacha dhlí an Aontais agus dlí Ballstáit, agus ní dhéantar dochar don leibhéal sin ar bealach ar bith, agus go háirithe ní athraítear leis na hoibleagáidí ná na cearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir sin maidir le doiciméid a bhfuil rochtain orthu eisiata nó srianta de bhua na réimeas rochtana ar fhorais sonraí pearsanta a chosaint, agus níor cheart feidhm a bheith aici maidir le codanna de dhoiciméid ar féidir rochtain a fháil orthu de bhua na réimeas sin ina bhfuil sonraí pearsanta, ar sainíodh athúsáid na sonraí sin de réir dlí mar athúsáid atá contrártha leis an dlí a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!