úir 153
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(153) Le dlí Ballstáit, ba cheart réiteach a dhéanamh idir na rialacha lena rialaítear saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear léiriú iriseoireachta, acadúil, ealaíne agus/nó liteartha a nochtadh, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch iriseoireachta, nó chun críocha léiriú acadúil, ealaíne nó liteartha, agus chun na críocha sin amháin, ba cheart an phróiseáil sin a bheith faoi réir maoluithe nó díolúintí ó fhorálacha áirithe de chuid an Rialacháin seo mas gá chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun saoirse nochtadh tuairimí agus fáil faisnéise, mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sa réimse closamhairc agus i gcartlann nuachta agus leabharlanna preasa. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena leagtar síos na díolúintí agus na maoluithe a bhfuil gá leo chun cothromaíocht a áirithiú idir na cearta bunúsacha sin. Ba cheart do na Ballstáit díolúintí agus maoluithe den sórt sin a ghlacadh maidir le prionsabail ghinearálta, le cearta an ábhair sonraí, leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí, le haistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta, leis na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha, le comhar agus comhsheasmhacht, agus le staideanna sonracha próiseála sonraí. I gcás ina bhfuil díolúintí nó maoluithe den sórt sin éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ba cheart feidhm a bheith ag dlí Ballstáit an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir. Chun an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun saoirse nochtadh tuairimí i ngach sochaí dhaonlathach a chur san áireamh, ní mór coincheapa a bhaineann leis an tsaoirse sin, amhail iriseoireacht, a léiriú ar bhonn leathan.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!