úir 122
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(122) Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a thugtar dó agus na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chumhdach leis sin, go háirithe, an phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí bunaíochta an rialaitheora nó an phróiseálaí ar chríoch a Bhallstáit féin, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh chun leas an phobail, próiseáil lena ndéantar difear d'ábhair sonraí ar a chríoch nó próiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas le linn dó díriú ar na hábhair sonraí atá ina gcónaí ina chríoch. Ba cheart a áireamh leis sin gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí a láimhseáil, imscrúduithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feasacht an phobail a chur chun cinn maidir le rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!