úir 116
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(116) Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha. D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní. Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!