úir 113
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(113) Maidir le haistrithe is féidir a cháiliú mar aistrithe neamhatriallacha agus nach mbaineann ach le líon teoranta ábhar sonraí, d'fhéadfaí iad a dhéanamh freisin chun críocha na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú ag an rialaitheoir, nuair nach bhfuil sáraíocht ag leasanna nó ag cearta agus ag saoirsí an ábhair sonraí ar na leasanna sin agus nuair atá measúnú déanta ag an rialaitheoir ar na himthosca ar fad a bhaineann le haistriú na sonraí. Ba cheart don rialaitheoir aird ar leith a thabhairt ar chineál na sonraí pearsanta, ar chuspóir agus ar ré na hoibríochta próiseála a bheartaítear nó na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear, agus freisin ar an staid sa tír thionscnaimh, sa tríú tír agus i dtír an chinn scríbe, agus ba cheart dó coimircí oiriúnacha a chur ar fáil chun cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint. Níor cheart a bheith in ann aistrithe den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcásanna iarmharacha nuair nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais eile maidir le haistriú. Chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, ba cheart ionchais dhlisteanacha na sochaí a chur san áireamh maidir le heolas a mhéadú. Ba cheart don rialaitheoir an t-údarás maoirseachta agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas maidir leis an aistriú.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!