úir 112
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(112) Ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe sin, go háirithe maidir le haistrithe sonraí a bhfuil gá leo agus atá riachtanach ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, mar shampla i gcásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis iomaíochta, idir riaracháin chánach nó idir riaracháin chustaim, idir údaráis mhaoirseachta airgeadais, idir seirbhísí atá inniúil ar ábhair maidir leis an tslándáil shóisialta, nó maidir leis an tsláinte phoiblí, mar shampla i gcás rianú teagmhála maidir le galair thógálacha nó chun dópáil sa spórt a laghdú agus/nó a dhíothú. Ba cheart a mheas go bhfuil aistriú sonraí pearsanta dleathach freisin i gcás inar gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile, lena n-áirítear sláine fhisiciúil nó saol, mura bhféadfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt. In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, teorannacha a leagan síos go sainráite ar aistriú catagóirí sonracha sonraí chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhorálacha den sórt sin. Aon aistriú chuig eagraíocht dhaonnúil idirnáisiúnta a dhéantar maidir le sonraí pearsanta ábhair sonraí nach bhfuil ar a chumas nó ar a cumas, ó thaobh fisiciúil nó dlíthiúil, toiliú a thabhairt, d'fhonn tasc atá riachtanach faoi Choinbhinsiúin na Ginéive a chomhlíonadh nó d'fhonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleachtaí armtha a chomhlíonadh, d'fhéadfaí a mheas go bhfuil an t-aistriú sin riachtanach ar chúis thábhachtach a bhaineann le leas an phobail nó mar go bhfuil sé ríthábhachtach ó thaobh leas an ábhair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!