úir 108
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(108) In éagmais cinneadh leordhóthanachta, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí bearta a dhéanamh chun an easpa cosanta i dtríú tír a chúiteamh trí choimircí iomchuí a chur i bhfeidhm don ábhar sonraí. Féadfar a áireamh ar na coimircí iomchuí sin úsáid rialacha ceangailteacha corparáideacha, clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún, clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta nó clásail chonarthacha arna n-údarú ag údarás maoirseachta. Leis na coimircí sin, ba cheart comhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint sonraí agus cearta na n-ábhar sonraí a áirithiú ar bhealach a bheidh comhoiriúnach le próiseáil laistigh den Aontas, lena n-áirítear fáil a bheith ar chearta in-fhorfheidhmithe na n-ábhar sonraí agus ar leigheasanna éifeachtacha dlí, lena n-áirítear an ceart sásamh éifeachtach riaracháin nó sásamh breithiúnach éifeachtach a fháil agus cúiteamh a éileamh, san Aontas nó i dtríú tír. Ba cheart go mbainfidís go háirithe le comhlíonadh na bprionsabal ginearálta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Féadfaidh údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí aistrithe a dhéanamh freisin le húdaráis phoiblí nó le comhlachtaí poiblí i dtríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil dualgais chomhfhreagracha orthu nó a bhfuil feidhmeanna comhfhreagracha acu, lena n-áirítear ar bhonn forálacha atá le cur isteach i socruithe riaracháin, amhail meamraim tuisceana, lena ndéantar foráil do chearta in-fhorfheidhmithe éifeachtacha do na hábhair sonraí. Ba cheart údarú an údaráis inniúil mhaoirseachta a fháil tráth a ndéanfar foráil do na coimircí i socruithe riaracháin nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!