úir 104
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

(104) I gcomhréir leis na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe cosaint chearta an duine, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh aige ar thríú tír nó ar chríoch nó ar earnáil shonraithe i dtríú tír, an tslí ina ndéanann tríú tír ar leith an smacht reachta, rochtain ar cheartas mar aon leis na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus an dlí ginearálta agus an dlí earnála atá aici, lena n-áirítear reachtaíocht a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, le cosaint agus leis an tslándáil náisiúnta mar aon leis an ord poiblí agus leis an dlí coiriúil, a urramú. Agus cinneadh leordhóthanachta maidir le críoch nó le hearnáil shonraithe i dtaca le tríú tír á ghlacadh, ba cheart a chur san áireamh critéir shoiléire oibiachtúla, amhail gníomhaíochtaí sonracha próiseála agus raon feidhme na gcaighdeán dlíthiúil is infheidhme agus na reachtaíochta atá i bhfeidhm sa tríú tír. Ba cheart don tríú tír ráthaíochtaí a thabhairt lena n-áiritheofaí leibhéal leordhóthanach cosanta arb ionann é go bunúsach agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas, go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta in earnáil ar leith nó i roinnt earnálacha ar leith. Go háirithe, ba cheart don tríú tír maoirseacht neamhspleách éifeachtach ar chosaint sonraí a áirithiú agus ba cheart di foráil a dhéanamh maidir le sásraí comhair leis na húdaráis na mBallstát um chosaint sonraí, agus ba cheart cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe agus sásamh éifeachtach riaracháin agus sásamh éifeachtach breithiúnach a thabhairt do na hábhair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!