Airteagal 97
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Tuarascálacha ón gCoimisiún"

1. Faoin 25 Bealtaine 2020, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Poibleofar na tuarascálacha.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. I gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an Coimisiún, go háirithe, cur i bhfeidhm agus feidhmiú na nithe seo a leanas:
(a) Caibidil V maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe ó thaobh cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 45(3) den Rialachán seo agus cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE;
(b) Caibidil VII maidir le comhar agus comhsheasmhacht.
3. Chun na críche mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis mhaoirseachta.
4. I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile chomh maith.
5. Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí d'fhonn an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe an méid atá tite amach forbairtí i dteicneolaíocht na faisnéise agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.