Airteagal 85
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Próiseáil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil"


=> úir: 153
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit d
1. Déanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críocha iriseoireachta agus chun críocha léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. I gcás próiseáil a dhéantar chun críocha iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, déanfaidh na Ballstáit foráil do dhíolúintí nó do mhaoluithe ó Chaibidil II (prionsabail), Chaibidil III (cearta an ábhair sonraí ), Chaibidil IV (an rialaitheoir agus an próiseálaí), Chaibidil V (sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta), Chaibidil VI (údaráis mhaoirseachta neamhspleácha), Chaibidil VII (comhar agus comhsheasmhacht) agus Caibidil X (staideanna sonracha próiseála sonraí) má tá gá leo chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha ina dhlí atá glactha aige de bhun mhír 2 agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.