Airteagal 7
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Coinníollacha maidir le toiliú"


=> Airteagal: 4
=> úir: 32, 33, 42, 43
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit a
1. I gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, beidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Más i gcomhthéacs dearbhú i scríbhinn a bhaineann le hábhair eile freisin a thugann an t-ábhar sonraí toiliú, déanfar an iarraidh ar an toiliú a chur i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi, agus friotal soiléir simplí á úsáid. Aon chuid den dearbhú arb ionann í agus sárú ar an Rialachán seo agus dar thug an t-ábhar sonraí toiliú, ní bheidh sí ina cheangal.
3. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar aon am is mian leis nó léi. Má tharraingítear siar toiliú ní dhéanfar difear do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a tugadh sular tarraingíodh siar é. Sula ndéanfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt, cuirfear ar an eolas faoin méid sin é nó í. Beidh sé chomh héasca céanna toiliú a tharraingt siar agus a bheidh sé é a thabhairt.
4. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, cuirfear san áireamh go huile agus go hiomlán, inter alia, an é an ndéantar comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.
=> úir: 43