Airteagal 34
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí"


=> Airteagal: 4
=> úir: 75, 86, 87, 88
=> administrative fine: Art. 83 (4) lit a
1. I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dóchúil go mbeadh ardriosca ann dá bharr do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, cuirfidh an rialaitheoir in iúl don ábhar sonraí, gan mhoill mhíchuí, gur tharla an sárú sin.
=> úir: 75

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Nuair a chuirtear in iúl don ábhar sonraí gur tharla sárú, mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, tabharfar tuairisc i bhfriotal soiléir, follasach, ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis agus na bearta dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 33(3).
3. Ní bheidh gá leis an eolas sin a chur in iúl mar a thagraítear dó i mír 1 má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) go bhfuil bearta iomchuí cosanta, idir theicneolaíoch agus eagraíochtúil, curtha chun feidhme ag an rialaitheoir agus gur cuireadh na bearta sin i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta a raibh tionchar ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta orthu, go háirithe na bearta sin a fhágann nach mbeidh duine ar bith nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta in ann iad a thuiscint, amhail criptiú;
(b) gur ghlac an rialaitheoir bearta ina dhiaidh sin lena n-áiritheofaí nach móide go dtarlódh an t-ardriosca do chearta ná do shaoirsí na n-ábhar sonraí mar a thagraítear dó i mír 1 a thuilleadh; nó
(c) go mbeadh iarracht neamhréireach ag teastáil chuige. I gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart atá comhchosúil leis trína dtabharfar fógra do na hábhar sonraí ar bhealach atá chomh héifeachtúil céanna.
4. Más rud é nár chuir an rialaitheoir in iúl fós an sárú i ndáil le sonraí pearsanta don ábhar sonraí, féadfaidh an t-údarás maoirseachta, tar éis breithniú a dhóchúla atá sé go dtarlódh ardriosca de bharr an tsáraithe i dtaca le sonraí pearsanta, a cheangal air é a chur in iúl nó féadfaidh sé a chinneadh go bhfuil aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3 á chomhlíonadh.