Airteagal 27
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Ionadaithe do rialaitheoirí nódo phróiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas"


=> Airteagal: 4
=> úir: 80
=> administrative fine: Art. 83 (4) lit a
1. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 3(2), déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ionadaí a ainmniú, i scríbhinn, san Aontas.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leid an méid seo a leanas:
(a) próiseáil a dhéantar go hócáideach agus nach n-áirítear leis sin, ar mhórscála, próiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus nach dóigh go mbeidh riosca ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine, ag féachaint do chineál, do raon feidhme agus do chríocha na próiseála; nó
(b) údarás nó comhlacht poiblí.
3. Beidh an t-ionadaí bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina bhfuil na hábhair sonraí a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta i ndáil le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil dóibh, nó a ndéantar faireachán ar a n iompar.
4. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sainordú go rachaidh na húdaráis mhaoirseachta agus na hábhair sonraí go háirithe, de bhreis ar an rialaitheoir nó an próiseálaí nó ina n-ionad siúd, i dteagmháil leis an ionadaí maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis an bpróiseáil, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.
5. Ní dochar do chaingean dlí a d'fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an rialaitheora féin nó an phróiseálaí féin an rialaitheoir nó an próiseálaí do cheapadh ionadaí.