Airteagal 25
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú"


=> Airteagal: 5
=> úir: 78
=> administrative fine: Art. 83 (4) lit a
1. Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí a bhailítear, an oiread próiseálaa dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.
3. Féadfar leas a bhaint as sásra formheasta deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.