Airteagal 18
AE An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
"An ceart go gcuirfí srian le próiseáil"


=> úir: 67
=> administrative fine: Art. 83 (5) lit b
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gcuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:
=> Airteagal: 12, 19
(a) cuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta ar feadh tréimhse le go bhféadfaidh an rialaitheoir cruinneas na sonraí pearsanta a fhíorú;
(b) i gcás ina bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach agus ina gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne léirscriosadh na sonraí pearsanta agus ina n-iarrann sé go gcuirfear srian lena n-úsáid in áit iad a scriosadh;
=> Airteagal: 17
(c) níl na sonraí de dhíth ar an rialaitheoir a thuilleadh chun críocha na próiseála, ach tá siad de dhíth ar an ábhar sonraí chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó
(d) tá curtha i gcoinne próiseála ag an ábhar sonraí de bhun Airteagal 21(1) go dtí go bhfíorófar an mbeidh sáraíocht ag forais dhlisteanacha an rialaitheora ar fhorais dhlisteanacha an ábhair sonraí.

NEW: The practical guide PrivazyPlan® explains all dataprotection obligations and helps you to be compliant. Click here!



2. I gcás gur srianadh an phróiseáil faoi mhír 1, ní fhéadfar sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, seachas iad a stóráil, ach amháin le toiliú an ábhair sonraí nó le go ndéanfar éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó le go gcosnófaí cearta duine eile nádúrtha nó dlisteanach nó ar chúiseanna a bhaineann le leas tábhachtach de chuid pobal an Aontais nó de chuid pobal Ballstáit.
3. Ábhar sonraí a fuair an srianadh ar phróiseáil de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir ar an eolas é sula gcuirfear deireadh leis an srianadh ar phróiseáil.
=> Airteagal: 12, 19